Jul 15, 2020
Clár 0003 - Sampla den leibhéal B1 - Clár Píolóta
This is a pilot episode - to give an example of the concept and level, Aodhan reads slowly at A1 level.
A chairde,
Tá mé ag scríobh chugaibh le sibh a chur ar an eolas faoi thuras thar lear atá á eagrú ag an
scoil le haghaidh dhaltaí Bhliain 4. Is go Grenoble na Fraince a bheimid ag dul i mbliana,
tar éis dúinn a bheith i bpríomhchathair na tíre sin anuraidh. Gheobhaidh sibh gach eolas
faoin turas ar leathanach eile, ach ba mhaith liom cúpla pointe tábhachtach a dhéanamh ar
dtús.
Cé go mbeidh an turas ar siúl le linn laethanta saoire na Samhna, ní sos iomlán ón scoil a
bheidh ann. Is dóigh liom go gcabhraíonn turais mar seo go mór leis na daltaí ó thaobh an
oideachais de. Tá a fhios againn nach leor seachtain amháin chun feabhas rómhór a chur
ar a gcuid Fraincise, ach beidh go leor imeachtaí suimiúla eile ar siúl acu chomh maith.
Ar ndóigh, is breá an aclaíocht í an sciáil agus tá siúlóidí agus imeachtaí spóirt le bheith
ann freisi…